SpeakApps á gcur faoi bhráid Phobal Teagaisc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal. Launch of SpeakApps to the Irish Language Higher Education Community

1irlpost_seminar-dublin_dcu

Reáchtáladh seimineár in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar 15 Meán Fómhair mar ar pléadh CALL, teagasc na Gaeilge, aschur labhartha agus chun tionscadal SpeakApps a thaispeáint do dhaoine atá ag plé le Gaeilge in earnáil an ardoideachais. Bhí ionadaithe ann ó roinnt mhaith institiúidí oideachais tríú leibhéal ó Éirinn agus ó thuaisceart Éireann. Labhair an Dr. Françoise Blin (Ollscoil Chathair Bhaile Cliath) faoi theoiric na gníomhaíochta, faoi uirlisí CALL, agus faoi conas aschur labhartha a fheabhsú trí thascanna feiliúnacha a dhearadh.  Thug an Dr. Rióna Ní Fhrighil (Coláiste Phádraig, Droim Conrach) achoimre ar a taithí le Wimba voice tools a úsáid le mic léinn fochéime. Thug an Dr. Caoimhín Ó Dónaill (Ollscoil Uladh) forbhreathnú ar na huirlisí CALL a úsáidtear le torthaí foghlama ar na siollabais don Ghaeilge a bhaint. Thaispeáin Colm Ó Ciardubháin, (Ollscoil Chathair Bhaile Cliath) na huirlisí a bhaineann le tionscadal SpeakApps dóibh siúd a bhí i láthair agus léirigh sé conas is féidir agus na gníomhaíochtaí gaolmhara a nascadh leis na siollabais nua do theagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal. Reáchtáladh seisiún ceisteanna agus freagraí agus d’aithin cuid mhaith de na daoine a bhí i láthair na buntáistí teagaisc agus teicniúla a bhaineann leis na huirlisí nua. Dúirt cuid de na baill go mbeidís sásta an suirbhé maidir le riachtanais na n-úsáideoirí  a scaipeadh ar a gcuid mac léinn agus iarraidh orthu páirt a ghlacadh sna grúpaí fócais.

***

Dublin City University hosted a seminar on September 15th to explore CALL, the teaching of Irish, oral language production and to launch the SpeakApps Project to the Irish language higher education community. The conference was attended by representatives from most of the third level institutions and teacher training colleges on the Island of Ireland. Participants showed great interest in the project and agreed to disseminate the SpeakApps user requirement survey amongst their students and to participate in SpeakApps focus groups.