Duais Buaite ag taighdeoir ar thionscadal SpeakApps. SpeakApps Researcher gets Award

Bronnadh duais ar Cholm Ó Ciardubháin as an gcur chuige uathúil a bhíonn aige maidir le haiseolas a thabhairt do mhic léinn agus dá mhodhanna measúnaithe ar 15 Bealtaine ag Lá Teagaisc agus Foghlama DCU. Aithníonn Duais an Uachtaráin do Theagasc Ardchaighdeáin scoth na múinteoireachta i measc na foirne in DCU.

Mic léinn agus baill foirne a ainmníonn na hiarrthóirí don duais agus coiste ar a bhfuil an Painéal Comhairleach do Nuálaíocht Teagaisc agus measúnóir seachtrach ó institiúid tríú leibhéal eile a dhéanann cinneadh faoi na buaiteoirí.

Luaigh cuid de na mic léinn a d’ainmnigh Colm an úsáid a bhaineann sé as modhanna measúnaithe ar líne agus baineadh an-úsáid as Langblog, uirlis SpeakApps, do mheasúnú scileanna labhartha i dtreo dheireadh na bliana!

***

Colm Ó Ciardubháin was presented with an award for his Distinctive Approaches to Assessment and Feedback at DCU’s Teaching and Learning Day on May 15th last. Each year The President’s Award for Excellence in Teaching recognises high quality teaching among DCU’s staff.

Members of staff are nominated by students or by other members of staff and winners are chosen by a committee consisting of members of DCU’s Learning Innovation Advisory Panel and an external evaluator from another third level institution.

Some students who nominated Colm cited his use on-line assessment methods and SpeakApps’ Langblog tool featured heavily in assessment of oral skills towards the end of the year!